
Tá Carey Glass, comhlacht déantúsaíochta atá lonaithe i gContae Thiobhraid Árann, díreach tar éis an eagar painéil ghréine is mó in Éirinn a chríochnú le gairid. Tá na panéil mar chuid den gcóras téimh ceantair sa tsráidbhaile éiceolaíoch nua i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobhraid Árann. Tá táirgeacht 4 MWh/bliain ag an 62 painéal gréine tionsclaíoch (achar 6.5m2 an ceann). Chomh maith leis na panéil ghréine tá dhá choire slisadhmaid sa gcóras téimh ceantair.
Téann an córas in-athnuaite seo uisce go teocht 60°C. Stóráltar an t-uisce in umar (dabhach) stórála maoláin mór (toirt 17,000 lítear). Tá umar mór 800 lítear i ngach teach sa bhforbairt freisin.

Ar an suíomh 65 acra atá ag an mbaile éiceolaíoch tá talamh thorthúil chun beatha agus crainnte a chuir ionas go gcuirfí beatha áitiúil agus bithéagsúlacht chun cinn. Chomh maith le sin tá: 114 teach ísealfhuinnimh; cosáin le crainnte torthaí agus crainnte cnó; 50 acra talún do chuibhrinn (garraithe scóir),do fheimeoireacht agus do choillearnach; ionad fiontair glais agus leathanbhanda ardteicneolaíochta; ionad oideachais do mhaireachtáil inmharthana; brú éiceolaíoch do chuairteoirí; stáisiún traenach áitiúil agus scéim carr-roinnte áitiúil.
Tá mé comhlacht fuinnimh gréine sa Bhrasaíl agus mé ag taisteal in Éirinn, tá mé iontas de mhéid na tithe go bhfuil fuinneamh na gréine agam
ReplyDeletefotovoltaicasolucoes.com.br