
Iar-státseirbhíseach Ísiltíreach é Yvo de Boer a bhí ina rúnaí feidhmiúcháin ar an UNFCCC ó 2006 go 2010. Bhí ról lárnach aige sna comhdhálacha domhanda ar athrú aeráide i Bali i 2007 agus i gCopenhagen i 2009.
D’fhág de Boer na Náisiúin Aontaithe i mí Iúil 2010, tá sé anois ina chomhairleoir inmharthana le KPMG. Bhí sé i mBaile Átha Cliath le gairid le tuarascáil a sheoladh ar Éirinn ón Tionscadal um Nochtadh Carbóin, eagras neamhsléach a bhíonn ag obair le 3,000 comhlacht ar fud na cruinne chun a n-astuithe carbóin a thomhais, a thuairisciú agus a laghdú.
“Ní raibh mé ag súil le réiteach dleathúil a theacht amach ón gcomhdháil i gCopenhagen” a dúirt sé. “Cé go raibh sé deacair agus ina shorcas mar gheall ar go leor cúiseanna eile”, braitheann sé go raibh go leor rudaí dearfacha faoi.
“Tá spriocanna curtha faoi bhráid do 2020 ag na tíortha tionsclaíocha ar fad, tá pleananna aicsin náisiúnta curtha faoi bhráid ag 40 tír, bhí 120 ceannaire stáit i láthair – dá bhrí sin braitheann sé uilig ar do shainmhíniú ar chliseadh” a deir sé.
Seo an darna bhlian don tuarascáil don tír seo ach i mbliana tá dhá oiread an méid comhlachtaí as Éirinn ag glacadh páirt agus a bhí anuraidh. Ach tá an ráta 50% rannpháirteachais i measc na gcomhlachtaí ISEQ-luaite is mó (cosúil le Kerry Group, CRH agus Diageo) i bhfad taobh thiar den ráta 80% rannpháirteachais i measc an 300 comhlacht is mó san Eoraip.
“Muna dtigeann tú do lorg carbóin, ní thuigeann tú mórchostais amháin i do fheidhmiúchán agus ní thuigeann tú cén chaoi an mbeidh tionchar ar do ghnó ag polasithe atá ag athrú” a deir de Boer.
Creideann an tÍsiltíreach gur cheart go dtabharfadh gnóthaí tosaíocht níos airde don timpeallacht in ainneoin deacrachtaí eacnamaíochta ár linne mar gheall go dhéanann sé ciall airgeadais. Cúig bliana ó shin, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach sprioc 80% de laghdú in astuithe faoi 2050. Beidh impleachtaí dúinn ar fad chun an sprioc seo a bhaint amach.

“Más comhlacht tionsclaíoch tú, ag infheistiú i stoc caipitil a bheith ann do 30 nó 40 blian nó más rud é go bhfuil tú san earnáil iompair agus ag infheistiú i gcabhlach feithiclí, cheapaim gur léir gur fearr an dearcadh fadthréimhseach seo” a deir sé.
In Éirinn, is ionainn iompar agus 21% dár n-astuithe carbóin iomláin de réir na tuarascála 2009 ón EPA. Tar éis cáineadh ón Aire Eamon Ryan mar nár ghlac siad páirt anuraidh sa Tionscadal um Nochtadh Carbóin, tá Aer Lingus ag glacadh páirt i mbliana; ach níl Ryanair.
Ó 2012 i leith, ní bheidh eitlíocht saortha níos mó ón Scéim Trádála Astuithe atá i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh. Faoin scéim, tá cuóta bliantúil tugtha. Cuireann an ETS teorainn leis an léibhéal iomlán astuithe atá ceadaithe, ach taobh istigh den teorainn sin bíonn cead ag rannpháirtithe liúntais a cheannacht agus a dhíol de réir mar a theastaíonn sé.
Is rud maith é seo dár le de Boer. “Ba cheart go gcuirfidh sé seo iallach ar chomlachtaí a bheith nuálach mar go bunúsach tá rogha acu cearta astuithe a cheannacht, rud a bhfuil costais ag baint leis, nó a bheith níos nuálaí agus níos éifeachtúla. Tá dhá bhuntáiste le bheith éifeachtúil: ní bheidh orthu cearta astuithe a cheannacht agus sábhálann said airgead ar bhreosla freisin” a deir sé.
I ndeireadh na dála, tá an earnáil phríomháideach ag iarraidh polasaí athrú aeráide a bhfuil “fada, tréan agus dleathach.” Is éard atá i gceist le “fada” ná dearcadh fadthréimhseach ar pholasaí rialtais. Is éard atá i gceist le “tréan” ná polaisithe atá uaillmhianach agus dúshlánach. Caithfidh sé a bheith “dleathach”chomh maith, sé sin go gcaithfidh na comhlachtaí a bheith cinnte go mbeidh creatlach reachtach laidir i bhfeidhm agus go mbeidh na rialacha chéanna ag a n-iomaitheoirí.
“Níl comhlachtaí i gcoinne reachtaíochta athrú aeráide ach ba mhaith leo cothrom na Féinne a fheiceáil” a deir sé. “Ach muna n-éiríonn le na polaisithe ach gníomhaíocht eacnamíochta a aistriú ó áit amháin go háit eile ní bheith ann ach cur amú ama.” a deir sé.