Friday, November 5, 2010

‘An Chéad Réabhlóid Thionsclaíoch Eile’



D’fhéadfadh Éireann deich n-uaire ár n-éileamh leicteachais a ghiniúint gan an oiread sin dochair timpeallachta, a dúirt Eamon Ryan inniu (5ú Samhain). Agus é ag seoladh an chomhairliúcháin pobail don Phlean Forbartha Fuinnimh In-athnuaite Amach Ón gCósta, a bhaineann le hacmhainní fuinnimh gaoithe amach ón gcósta chomh maith le hacmhainní fuinnimh na dtonn agus na taoide, dúirt Ryan: “Íslíonn gach MW fuinnimh in-athnuaite a théann isteach in Eangach Náisiúnta Éireann ár mbille bliantúil breosla iontaise €6 billiún, íslíonn sé ár n-astuithe carbóin agus cruthaíonn sé jabanna Éireannacha.”

Bhí cruinniú aréir ag an Aire Ryan le Rúnaí Fuinnimh Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Dr. Steven Chu. I dTithe an Rialtais a bhí an cruinniú seo dar teideal ‘An Chéad Réabhlóid Thionsclaíoch Eile’. Gheall an bheirt Aire go mbeadh dlúthchomhoibriú idir an dhá thír agus phléigh said leagan amach Meabhráin Tuisceana idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe maidir le forbairt fuinnimh na mara.



An tseachtain seo chomh maith, shínigh Toyota comhaontú leis an Rialtas chun a gcarr hibrideach plúgáil isteach Prius a sholáthair ar mhargadh na hÉireann. Beidh feithiclí trialacha ag roinnt comhlachtaí agus eagrais cosúil le Vodafone, An Post, Banc na hÉireann agus Google, chun iad a thástáil i gnáthchoinníollacha athraitheacha tiomána.

Thursday, November 4, 2010

An Bord Gáis le €1.8 milliún a Infheistiú i Wavebob Teo.


D’fhógair an tAire Eamon Ryan ar an 22ú Meán Fómhair 2010 gur éirigh le Wavebob Teo. deontas ar fiú $2.4 milliún (€1.83 milliún) a fháil ó Roinn Fuinnimh Stáit Aontaithe Mheiriceá le hullmhú do thionscadal taispeána fuinnimh tonnta ag scála trachtála atá pleanáilte d’uiscí na Stáit Aontaithe i 2013.

D’fhógair Ryan freisin go bhfuil An Bord Gáis le €1.8 milliún a infheistiú i Wavebob Teo. chomh maith.



Is comhlacht teicneolaíochta é Wavebob Teo. a dhéanann sainfheidhmiú ar fhuinneamh farraige. Bunaithe i 1999, tá ceanncheathrú Wavebob Teo. in Éirinn ach tá gnóthaí acu sa mBreatain chomh maith leis na Stáit Aontaithe. Is féidir le gléas lánscála amháin Wavebob 1MW a ghiniúint, a dhóthain cumhachta do thart ar 600 teach. I 2006 bhí roinnt tástálacha farraige ag gléas Wavebob ag scála ¼ i gCuan na Gaillimhe amach ó chósta an Spidéil i gContae na Gaillimhe.

An tEagar Painéil Ghréine is Mó in Éirinn


Tá Carey Glass, comhlacht déantúsaíochta atá lonaithe i gContae Thiobhraid Árann, díreach tar éis an eagar painéil ghréine is mó in Éirinn a chríochnú le gairid. Tá na panéil mar chuid den gcóras téimh ceantair sa tsráidbhaile éiceolaíoch nua i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobhraid Árann. Tá táirgeacht 4 MWh/bliain ag an 62 painéal gréine tionsclaíoch (achar 6.5m2 an ceann). Chomh maith leis na panéil ghréine tá dhá choire slisadhmaid sa gcóras téimh ceantair.

Téann an córas in-athnuaite seo uisce go teocht 60°C. Stóráltar an t-uisce in umar (dabhach) stórála maoláin mór (toirt 17,000 lítear). Tá umar mór 800 lítear i ngach teach sa bhforbairt freisin.






Ar an suíomh 65 acra atá ag an mbaile éiceolaíoch tá talamh thorthúil chun beatha agus crainnte a chuir ionas go gcuirfí beatha áitiúil agus bithéagsúlacht chun cinn. Chomh maith le sin tá: 114 teach ísealfhuinnimh; cosáin le crainnte torthaí agus crainnte cnó; 50 acra talún do chuibhrinn (garraithe scóir),do fheimeoireacht agus do choillearnach; ionad fiontair glais agus leathanbhanda ardteicneolaíochta; ionad oideachais do mhaireachtáil inmharthana; brú éiceolaíoch do chuairteoirí; stáisiún traenach áitiúil agus scéim carr-roinnte áitiúil.

Monday, November 1, 2010

Yvo de Boer - Lorg na n-Astuithe Carbóin agus an Bóthar go hAthslánú Eacnamaíoch


Iar-státseirbhíseach Ísiltíreach é Yvo de Boer a bhí ina rúnaí feidhmiúcháin ar an UNFCCC ó 2006 go 2010. Bhí ról lárnach aige sna comhdhálacha domhanda ar athrú aeráide i Bali i 2007 agus i gCopenhagen i 2009.

D’fhág de Boer na Náisiúin Aontaithe i mí Iúil 2010, tá sé anois ina chomhairleoir inmharthana le KPMG. Bhí sé i mBaile Átha Cliath le gairid le tuarascáil a sheoladh ar Éirinn ón Tionscadal um Nochtadh Carbóin, eagras neamhsléach a bhíonn ag obair le 3,000 comhlacht ar fud na cruinne chun a n-astuithe carbóin a thomhais, a thuairisciú agus a laghdú.

“Ní raibh mé ag súil le réiteach dleathúil a theacht amach ón gcomhdháil i gCopenhagen” a dúirt sé. “Cé go raibh sé deacair agus ina shorcas mar gheall ar go leor cúiseanna eile”, braitheann sé go raibh go leor rudaí dearfacha faoi.

“Tá spriocanna curtha faoi bhráid do 2020 ag na tíortha tionsclaíocha ar fad, tá pleananna aicsin náisiúnta curtha faoi bhráid ag 40 tír, bhí 120 ceannaire stáit i láthair – dá bhrí sin braitheann sé uilig ar do shainmhíniú ar chliseadh” a deir sé.

Seo an darna bhlian don tuarascáil don tír seo ach i mbliana tá dhá oiread an méid comhlachtaí as Éirinn ag glacadh páirt agus a bhí anuraidh. Ach tá an ráta 50% rannpháirteachais i measc na gcomhlachtaí ISEQ-luaite is mó (cosúil le Kerry Group, CRH agus Diageo) i bhfad taobh thiar den ráta 80% rannpháirteachais i measc an 300 comhlacht is mó san Eoraip.

“Muna dtigeann tú do lorg carbóin, ní thuigeann tú mórchostais amháin i do fheidhmiúchán agus ní thuigeann tú cén chaoi an mbeidh tionchar ar do ghnó ag polasithe atá ag athrú” a deir de Boer.

Creideann an tÍsiltíreach gur cheart go dtabharfadh gnóthaí tosaíocht níos airde don timpeallacht in ainneoin deacrachtaí eacnamaíochta ár linne mar gheall go dhéanann sé ciall airgeadais. Cúig bliana ó shin, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach sprioc 80% de laghdú in astuithe faoi 2050. Beidh impleachtaí dúinn ar fad chun an sprioc seo a bhaint amach.



“Más comhlacht tionsclaíoch tú, ag infheistiú i stoc caipitil a bheith ann do 30 nó 40 blian nó más rud é go bhfuil tú san earnáil iompair agus ag infheistiú i gcabhlach feithiclí, cheapaim gur léir gur fearr an dearcadh fadthréimhseach seo” a deir sé.

In Éirinn, is ionainn iompar agus 21% dár n-astuithe carbóin iomláin de réir na tuarascála 2009 ón EPA. Tar éis cáineadh ón Aire Eamon Ryan mar nár ghlac siad páirt anuraidh sa Tionscadal um Nochtadh Carbóin, tá Aer Lingus ag glacadh páirt i mbliana; ach níl Ryanair.

Ó 2012 i leith, ní bheidh eitlíocht saortha níos mó ón Scéim Trádála Astuithe atá i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh. Faoin scéim, tá cuóta bliantúil tugtha. Cuireann an ETS teorainn leis an léibhéal iomlán astuithe atá ceadaithe, ach taobh istigh den teorainn sin bíonn cead ag rannpháirtithe liúntais a cheannacht agus a dhíol de réir mar a theastaíonn sé.
Is rud maith é seo dár le de Boer. “Ba cheart go gcuirfidh sé seo iallach ar chomlachtaí a bheith nuálach mar go bunúsach tá rogha acu cearta astuithe a cheannacht, rud a bhfuil costais ag baint leis, nó a bheith níos nuálaí agus níos éifeachtúla. Tá dhá bhuntáiste le bheith éifeachtúil: ní bheidh orthu cearta astuithe a cheannacht agus sábhálann said airgead ar bhreosla freisin” a deir sé.

I ndeireadh na dála, tá an earnáil phríomháideach ag iarraidh polasaí athrú aeráide a bhfuil “fada, tréan agus dleathach.” Is éard atá i gceist le “fada” ná dearcadh fadthréimhseach ar pholasaí rialtais. Is éard atá i gceist le “tréan” ná polaisithe atá uaillmhianach agus dúshlánach. Caithfidh sé a bheith “dleathach”chomh maith, sé sin go gcaithfidh na comhlachtaí a bheith cinnte go mbeidh creatlach reachtach laidir i bhfeidhm agus go mbeidh na rialacha chéanna ag a n-iomaitheoirí.

“Níl comhlachtaí i gcoinne reachtaíochta athrú aeráide ach ba mhaith leo cothrom na Féinne a fheiceáil” a deir sé. “Ach muna n-éiríonn le na polaisithe ach gníomhaíocht eacnamíochta a aistriú ó áit amháin go háit eile ní bheith ann ach cur amú ama.” a deir sé.

Thursday, October 28, 2010

Titeann Léibhéil Gáis Cheaptha Teasa mar gheall ar an gCúlú Eacnamaíochta


Den chéad uair tháinig laghdú sna léibhéil astuithe sna catagóirí ar fad i dtionscal agus tráchtáil, fuinneamh, iompar, talmhaíocht, tithíocht agus dramhaíl, de réir figiúirí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Ag fógairt na léibhéil gáis cheaptha teasa do 2009 i mBaile Átha Cliath le gairid, dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur thit astuithe 5.4 milliún tonna ó léibhéal 2008 go 62.32 milliún tonna.



Ciallann sé seo nach mbeidh gá ar an Stát níos mó creidmheasanna carbóin a cheannacht chun a spriocanna gáis cheaptha teasa a bhaint amach roimh 2013. Ach thug an ghníomhaireacht foláireamh murach an cúlú eacnamaíochta go mbeadh Éireann i bhfad óna spriocanna Kyoto do 2013.

Thug siad foláireamh freisin go mbeadh ar aon bhorradh eacnamaíochta amach anseo a bheith “glasuithe” go cúramach chun fadhb mhór a sheachaint le h-astuithe sa tréimhse chuntasaíochta an Aontais Eorpaigh go 2020.

San earnáil tionsclaíochta agus tráchtála thit astuithe 20% le h-astuithe ón earnáil stroigne, go háirithe, ag titim 38%, figiúir a dúirt an Ghníomhaireacht a thaispeáin an meath sa tionscal tógála.

Chabhraigh an titim san éileamh leicteachais chomh maith le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaithe le titim 10.7% sna h-astuithe san earnáil fuinnimh. Tháinig laghdú thart ar 7.7% in astuithe san earnáil iompair.




Lean na h-astuithe ó thalmhaíocht ag laghdú ón mbuaic i 1998, mar gheall ar laghdú sa líon beostoic. Bhí an laghdú talmhaíochta thart ar 1.5%. San earnáil cónaithe thit astuithe 0.9%. Dúirt an Ghníomhaireacht gur léirigh sé seo laghdú éilimh do fhuinneamh ó theaghlaigh cé nach raibh an oiread sin de dhifríocht idir 2009 agus 2008 ó thaobh ainsir de.

Bhí an laghdú sna astuithe ó dhramhaíl thart ar 4.2% mar gheall ar bhearta a bhí déanta ag úinéirí líonta talún le dul i ngleic le meatán.

Agus í ag caint faoin na figiúirí, atá sealadach, dúirt an Dr. Mary Kelly, stiúrthóir ginearálta na Gníomhaireachta, go raibh méid an laghdaithe gan sárú.

Dúirt sí gur léirigh an 20% de laghdú sna h-earnálacha tionsclaíochta agus tráchtála go háirithe an tionchar a bhfuil ag an gcúlú eacnamaíochta ar tháirgeacht tionsclaíochta.

Dúirt an Dr. Ken Macken, bainisteoir cláir leis an nGníomhaireacht, gur cheannaigh an Stát creidmheasanna carbóin do 8 milliún tonna de gáis cheaptha teasa, ar chostais €73.3 milliún. Bhí sé tuartha go dteastódh creidmheasanna carbóin do thart ar 18 milliún tonna de h-astuithe carbóin. Ach dúirt sé gur chreid siad anois go raibh a dhóthain creidmheasanna ceannaithe cheana acu.

Dúirt Laura Burke, stiúrthóir na Gníomhaireachta, nár cheart go mbeadh an Stát “ag brath” ar an gcúlú eacnamaíochta le h-astuithe a choinneáil íseal.

Friday, October 22, 2010

Aimn Nua ar ár Ré Gheolaíoch?


Tá praiseach déanta ag an gcine daonna den Domhan, an dromchla créachta, na huiscí truaillithe agus fiú amháin an aeráid athruithe ar bhonn uile-dhomhanda. D’fhéadhfadh an léirscrios a bheidh ar an olldíothú is measa riamh.

Is de bharr an cumas scriosach seo gur ceart an ré gheolaíoch ina bhfuilimid ann a athainmniú mar an “Anthropocene”, sin de réir an ceimiceora a cheap an téarma agus bhfuil Duais Nobel bainte amach aige.

D’úsáid an tOllamh Paul Crutzen an téarma, a thagann ón nGréigis agus a chiallann “an duine nua”, den chéad uair ag comhdháil i 2000. Creideann sé go bhfuil sé níos feiliúnaí ná an focal oifigiúil ar ár ré gheolaíoch reatha, an Tréimhse Holaicéineach nó an Holocene (“nua iomlán”).


“Is tréimhse gheolaíoch í an Anthropocene a bhfuil níos baintí le gníomhaíochtaí daonna,” a deir Crutzen, iar-striúrthóir Inistitiúid Max Planck don Cheimic i Mainz na Gearmáine. Bhí sé ag labhairt an tseachtain seo roimh léacht an Academy Times a bheidh sé ag tabhairt i mBaile Átha Cliath, atá eagraithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, An Irish Times agus Invest Northern Ireland.

Déanann sé liosta de bhailiúchán tionchair ar an bpláinéad de bharr gníomhaíochtaí daonna, ina measc uirbiú agus daonra daonna atá ag fás ach freisin daonraí ainmhí, truailliú tionsclaíoch, dochar do na córais fionnuisce, úsáid fuinnimh gan smacht, cliseadh ar na hiascaigh idirnáisiúnta agus tuilleadh lena chois.

Wednesday, October 20, 2010

Cainteanna sa tSín ar an Athrú Aeráide


Ag na cainteanna ar an athrú aeráide sa gcathair Síneach Tianjin, tá an t-achrann céanna fós ann idir an astaíre gáis cheaptha teasa is mó ar domhan, an tSín, agus an tír is saibhre ar domhan, na Stáit Aontaithe.

Tá na mílte idirbheartaithe ó 194 tír ag casadh sa gcathair atá i dtuaisceart na Síne chun comharba ar Phrótacal Kyoto a aontú, an conradh de chuid na Náisiún Aontaithe chun dul i ngleic le téamh domhanda, a théann in éag i 2012. Is réamhtheachtaí é roimh cainteanna ag léibhéal níos airde i gCancún, Meicsiceo, ag deireadh na bliana.

Dúirt an príomh-idirbheartaí Síneach, an tír leis an geilleagar is tapúla fáis ar domhan freisin, go raibh a thír fós ag forbairt agus go raibh sé mí-réasúnach a bheidh ag súil go gcuireadh siadsan teorainn lena n-astuithe gáis ceaptha teasa nuair nach bhfuil ag éirí leis na geilleagair saibhre a n-astuithe a ghearradh.

“Tá gá le hardú sna gáis cheaptha teasa agus, caithfear a rá, go bhfuil sé seo réasúnach,” a dúirt leas-aire Xie Zhenhua. “An rud is tábhachtaí ná go gcaithfidh muid na bearta éifeachtacha a ghlacadh chun an rátá fáis a smachtú...dá mhéid airgid a thugann said, nó dá luaithe a thagann an t-airgead is ea is luaithe a bheadh muid in ann an buaic astuithe a bhaint amach,” a dúirt sé.

Rinne sé tagairt arís do phríomh-argóint na Síne, ná go raibh sé míchóir ar thíortha a bhfuil meán-olltáirgeacht intíre (GDP) bhliantúil per capita níos mó ná $40,000 (€28,700), agus a bhfuil ag teip orthu a mbuaiceanna astuithe a bhaint amach agus iad, ag an am céanna, ag gearán faoi thíortha ina bhfuil an olltáirgeacht intíre beagánín le cois $3,000.